Curfá
’Sé mo laoch mo ghille mear
’Sé mo Shaesar, ghille mear,
Ní fhuaras féin aon tsuan ná séan,
Ó chuaigh i gcéin mo ghille mear.
x2
Bímse buan ar buairt gach ló,
Ag caoi go crua is ag tuar na ndeor
Mar scaoileadh uaim an buachaill beo
Is ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón.
Curfá
Ní haoibhinn cuach ba suairc ar neoin,
Táid fíorchoin uaisle ar uatha spóirt,
Táid saoithe 's suadha i mbuairt 's i mbrón
Ó scaoileadh uainn an buachaill beo
Curfá
Is cosúil é le hAonghus Óg,
Le Lughaidh Mac Chéin na mbéimeann mór,
Le Cú Raoi, ardmhac Dáire an óir,
Taoiseach Éireann tréan ar tóir.
Curfá
Le Conall Cearnach bhearnadh poirt,
Le Fearghas fiúntach fionn Mac Róigh
Le Conchubhar cáidhmhac Náis na nós,
Taoiseach aoibhinn Chraoibhe an cheoil.
Curfá x2
Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear.